Psalm 91 – numbered as Psalm 90 in the LXX and Vulgate – is also known as Qui habitat, beginning with the phrase “He that dwelleth in the secret place of the Most High shall abide under the shadow of the Almighty.” Also known as the “song of evil spirits” or Shir Shel Pega'im within the Jewish tradition, it is often sung at night for protective purposes. This psalm was also present in medieval Irish liturgy, as Psalm 90:5 is quoted in “Gloria in Excelsis” within the Irish Liber Hymnorum and paraphrased in the Antiphonary of Bangor. As these texts were recited at night, praying for protection against malevolent forces.
The psalm is presented here in Classical Gaelic, along with modern iterations of Irish and Scots Gaelic. It is recommended to sing in one’s ancestral language, in Gregorian chant or Gaelic psalmody, connecting the individual to Gaels past, present, and future in prayer.
Classical Gaelic (1817 Edition)
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.
A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Go deimhin sáorfa sé thusa ó líon a nfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh.
Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló;
On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.
Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.
A mháin lé do shúilibh do chífe tú agus do chífir luáidheacht na neimhdhíadhach.
Oír don TIGHEARNA mo dhaingionsa, don té is ro áirde, do rinne tú hionad comhnuidhe;
Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun.
Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich.
Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó.
Modern Irish (1965 Edition)
Cibé a mhaireann faoi chumhdach an Té is Airde: fanfaidh sé faoi scáil an Uilechumhachtaigh.
Déarfaidh mé leis an Tiarna, Is tú mo dhóchas, agus mo dhaingean: mo Dhia, is as a bheidh mo mhuinín.
Óir fuasclóidh sé thú ó dhol an fhiagaí: agus ón bplá urghránna.
Cosnóidh sé faoina sciatháin thú, agus ní baol duit faoina chleití: beidh a dhílseacht agus a fhírinne agat mar sciath agus mar dhídean.
Ní heagal duit an t‑uafás a bhíos ag siúl san oíche: ná an saighead a eitlíos sa lá.
Ní heagal duit an phlá a shiúlas sa dorchadas: ná an aicíd a dhéanas scrios i lár an lae.
Titfidh míle le do thaobh, agus deich míle ar do láimh dheas: ach ní thiocfaidh sé i do chomhair.
Feicfidh tú go deimhin le do shúile féin é: féachfaidh tú ar a gcúiteofar le fear an oilc.
Óir is tú, a Thiarna, mo dhóchas: is ró‑ard a chuir tú do theach cosanta.
Dochar ní tharlóidh duit: ná ní thiocfaidh plá de chomhair do thí.
Óir ordóidh sé dá aingil i do thaobh: bheith do do chumhdach gach bealach dá mbíonn tú.
Iompróidh siad ar a mbosa tú: ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.
Siúlfaidh tú ar an leon agus ar an nathair nimhe: satlóidh tú an coileán leoin agus an dragan faoi do chosa.
De bhrí gur thug sé grá dom, dá bhrí sin beidh mé á fhuascailt: ardóidh mé é, ó dob aithnid dó mʼAinm.
Glaofaidh sé orm, agus éistfidh mise leis: is deimhin go mbím ina láthair i mbuaireamh; fuasclóidh mé é, agus onóróidh mé é.
Tabharfaidh mé dó a shásamh de fhad saoil: agus taispeánfaidh mé mo shlánú dó.
Scottish Gaelic (1992 Edition)
Gabhaidh esan a tha na chòmhnaidh ann an ionad diamhair an Tì as àirde, tàmh fo sgàil an Uile-chumhachdaich.
Their mi mu thimcheall an Tighearna, Is e mo thèarmann agus mo dhaingneach, mo Dhia anns an cuir mi mo dhòigh.
Gu dearbh saoraidh e thu o rib an eunadair, on phlàigh mhilltich.
Le a iteagan còmhdaichidh e thu, agus fo a sgiathan bidh d’earbsa; bidh a fhìrinn na sgèith agus na targaid dhut.
Cha bhi eagal ort a‑thaobh an uamhais anns an oidhche, no na saighde a ruitheas anns an là,
No na plàigh a ghluaiseas ann an dorchadas, no an sgrios a mhilleas mu mheadhon-là.
Tuitidh mìle rid thaobh, agus deich mìle air do làimh dheis, ach cha tig e am fagas dhut.
A‑mhàin led shùilean seallaidh tu, agus chì thu dìol nan aingidh.
A chionn gun do rinn thu an Tighearna na thèarmann, an Tì as àirde na ionad-còmhnaidh dhut,
Chan èirich olc air bith dhut, agus cha tig plàigh am fagas dod fhàrdaich;
Oir bheir e àithne da ainglean mud thimcheall, a‑chum do ghleidheadh ann ad shlighean uile.
Nan làmhan togaidh iad suas thu, air eagal gum buail thu do chas air cloich.
Air an leòmhann agus an nathair-nimhe saltraidh tu; pronnaidh tu fod chois an leòmhann òg agus an dràgon.
A chionn gu bheil gràdh aige dhomh, saoraidh mi e; àrdaichidh mi e, a chionn gur aithne dha m’ainm.
Gairmidh e orm, agus èisdidh mi ris; bidh mi maille ris ann an teinn; teasairgidh mi e, agus bheir mi urram dha.
Le fad làithean sàsaichidh mi e, agus nochdaidh mi dha mo shlàinte.